gteic @ Gaoth Dobhair
Tá gteic @ Gaoth Dobhair lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn.
Tá gteic @ Gaoth Dobhair ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.
Cuireann an mol seo spásanna agus oifigí comhoibre ar fáil chomh maith le seomra boird, seomraí cruinnithe agus áiseanna teileachomhdhála úrscothacha. Tá 25 eagraíocht lonnaithe ann agus is pointe fócasach é do chomhdhálacha agus d’imeachtaí líonraithe sa cheantar. Tá 302 spás oibre sa mhol faoi láthair
Tá comhlachtaí ó earnálacha éagsúla lonnaithe anseo lena n-áirítear teicneolaíochtaí suaiteacha, forbairt bogearraí, r-thráchtáil. dearadh grafach, lóistíocht agus tógáil. Cuireann an mol bunáit ar fáil fosta do chomhlachtaí a chuireann seirbhísí tábhachtacha ar fáil don phobal, lena n-áirítear forbairt pobail, cúram leanaí agus an Ghaeilge.
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Bothair an Screabhán/ Factory Road
Gweedore
F92PT38
353873452701
Work Hub
m.oduibhir@udaras.ie
